Saint's Chiarain

  • An Image Slideshow
  • An Image Slideshow
  • An Image Slideshow
  • An Image Slideshow
  • An Image Slideshow
  • An Image Slideshow
  • An Image Slideshow
  • An Image Slideshow
  • An Image Slideshow
  • An Image Slideshow
  • An Image Slideshow
  • An Image Slideshow
  • An Image Slideshow
  • An Image Slideshow
  • An Image Slideshow
  • An Image Slideshow
  • An Image Slideshow
  • An Image Slideshow
  • An Image Slideshow
  • An Image Slideshow
  • An Image Slideshow
  • An Image Slideshow
  • An Image Slideshow
  • An Image Slideshow
Home Initiatives Seachtain na Gaeilge Seachtain na Gaeilge 2018
 
Seachtain na Gaeilge 2018 Print

Seachtain na Gaeilge 12ú – 16ú Márta 2018:

Nach iontach an ócáid a bhí againn inár scoil le déanaí nuair a chéiliúramar Seachtain na Gaeilge ón 12ú – 16ú Márta!  Bhí na buachaillí ar bís nuair a chuala siad go mbeadh Raidió Naomh Bríd ar ais ag craoladh arís don 8ú bliain! Bhí an-spórt acu agus iad ar an mbealach isteach go hoifig Mrs. Cullen ar maidin chun amhráin a chasadh, ceol a sheinnt nó rannta a rá.  B’iontach é an Ghaeilge a chloisteáil timpeall na scoile agus ba léir go raibh gach éinne ag baint lán taitnimh as!

Dar ndóigh bhí gach buachaill ag déanamh iarracht speisialta an Ghaeilge a labhairt chun ticéid a fháil ó Ms. Trimble agus Mrs. Cullen don chrannchur le duaiseanna deasa ag deireadh na seachtaine! Gach seans a bhí acu bhí siad ag rá frásaí ar nós ‘Dia duit, Slán, Go raibh maith agat, Is maith liom do chóta! ’  Rinne a lán buachaillí iarracht speisialta freisin lena gcuid oibre don chomórtas ealaíne agus bhí toradh na hoibre seo le feiceáil ar na ballaí ar fud na scoile! Bhí ard-chaighdeán le sonrú ón obair a bhí déanta ag na ranganna go léir.   Bhí sé thar cinn!

Bhí Céilí Mór againn ag deireadh na seachtaine ar an Aoine agus b’é buaicphointe na seachtaine.  Bhí a lán cleachtadh déanta ag na ranganna go léir ar ‘Ballaí Luimní’ faoi stiúradh na múinteoirí (Mr. Noone agus Mr. O’Brien) agus na buachaillí ó rang a 6.  Ghlac a lán de na múinteoirí páirt sa chéilí freisin agus bhí an-ionadh ar na buachaillí iad a fheiceáil ag damhsa! Bhí an-chraic againn go léir! Míle buiochas do mhúinteoirí agus do bhuachaillí Rang a 6 a d’eagraigh an damhsa go léir!

Seachtain na Gaeilge took place in our school 12th – 16th March 2018.  It was a wonderful celebration of Irish language and culture.  All of the pupils and staff made an extra special effort to speak as Gaeilge during that week and those who showed great interest and enthusiasm were in a draw to win raffle prizes at the end of the week.  The boys had great fun showing off how much Gaeilge they could speak and they were very excited when they heard that Raidió Naomh Bríd would be broadcasting again each morning from Mrs. Cullen’s office! It was great to hear the sound of the Irish language, songs and music wafting through the corridors of our school!

Many classes produced some very creative artwork which was on display near the main entrance to the school.   The main highlight of the week was on the final day of Seachtain na Gaeilge when all classes throughout the school got an opportunity to dance at the school Céilí which took place in the school hall.  Both Mr. Noone’s and Mr. O’Brien’s 6th classes led the way in partnering with boys from different classes and leading them through their Irish dancing.  Seachtain na Gaeilge has evolved into a wonderful celebration of pride in Irish language and culture in our school over the past eight years.  Well done to all pupils and staff who took part in making this occasion into one of our most popular school events. May it continue for many years to come! Maith sibh go léir!